Déan ceiliúradh ar Dhá Scéal Déag na Nollag le Fighting Words agus le Graffiti Theatre Company!

An Nollaig seo, ba mhaith le Fighting Words agus le Graffiti Theatre Company cuireadh a thabhairt do scríbhneoirí óga idir 6 agus 12 bliain d’aois a scéal Nollag féin a scríobh! Tá sé níos tábhachtaí i mbliana ná bhí sé riamh spiorad na féile a chothú, mar sin cuir do shamhlaíocht ag obair agus cum scéal nua.

Cum Scéal Nollag le Cabhair ónar gCairde

D’iarr muid ar ár gcairde tús a chur leis na scéalta ionas go mbeadh cabhair agaibhse agus sibh ag tosú - cliceáil ar na naisc thíos le breathnú ar thús na scéalta agus beidh tú féin in ann críoch a chur leo.

Tá dhá scéal déag ann ar fad- cliceáil ar na naisc le héisteacht leis na húdair agus na haisteoirí as chuile chearn den tír as Béarla agus as Gaeilge!

Déan ceiliúradh ar do chuid Cruthaitheachta!

Tá súil againn go bhfaighidh scríbhneoirí óga ar fud na hÉireann - agus níos faide ó bhaile - inspioráid chun scéalta nua Nollag a scríobh ar scoil nó sa bhaile.

Féadfaidh tú na teimpléid seo a úsáid chun cabhrú leat na scéalta ar fad atá i do shamhlaíocht a chur ar pháipéar!!!

Leabhar le Scéalta na Nollag

Táimid tar éis na scéalta ar fad a chur le chéile anseo i bhfoirm leabhair a bheidh tú in ann a íoslódáil agus a phriontáil.

Roinn do chuid scéalta linn ar na Meáin Shóisialta!

Tá Fighting Words agus Graffiti Theatre Company ag roinnt na scéalta seo libh le go mbeidh sibh in ann scéalta nua a chruthú agus ansin iad a roinnt le bhur dteaghlaigh, bhur gcairde agus na páistí i do rang.

Ta tú in ann do chuid scéalta a roinnt linn ar dhá bhealach-

Croch fógra ar na meáin shóisialta atá againne: Cuir ceist ar thuismitheoir nó ar chaomhnóir do scéal a roinnt ar mheáin shóisialta Fighting Words agus Graffiti. Ta siad le fáil ar Facebook, Twitter agus Instagram.

Croch fógra ar na meáin shóisialta atá ag do thuismitheoirí/chaomhnóirí: Cuir ceist ar do thuismitheoirí/chaomhnóirí do scéal a uaslódáil ag baint úsáide as #12StoriesofChristmasIreland agus #ScéaltanaNollag. Déan cinnte go ndéanann tú tagairt do Fighting Words agus Graffiti Theatre Company le go mbeimid in ann do chuid oibre a fheiceáil agus a roinnt!

Is é do rogha féin atá ann é seo a dhéanamh. Ní sé riachtanach.

Téarmaí agus Coinníollacha

Toiliú